On Air Now

Kildare Today

9:00am - 11:00am

  • 045 901 490
  • 0833-979797

Now Playing

Kildare Today

with Clem Ryan

Cill Dara le Gaeilge Buaiteoirí Chomórtas na bhFuinneog

Barge Trip na Solláin sa chéad áit; Kbowl i Nás na Ríogh sa dara háit: Aroma Mocha i Nás na Ríogh sa tríú háit

Rinne Cill Dara le Gaeilge ceiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge tríd Comórtas na bhFuinneog a reáchtáil do ghnóthaí an cheantair. An sprioc a bhí acu leis an gcomórtas seo ná go mbeadh an Ghaeilge níos feiceálaí sa cheantar i rith Seachtain na Gaeilge.

Bhí an comórtas seo oscailte do gach gnó atá lonnaithe i Nás na Ríogh agus sna Solláin. Mhaisigh na gnóthaí na fuinneoga agus d’úsáid siad frásaí i nGaeilge ar nós “Bíodh lá deas agat” agus “Beannachtaí na Féile Pádraig oraibh”. Bhí na frásaí i nGaeilge nó dátheangach agus ansin sheol siad grianghraf dá bhfuinneog chuig lucht eagraithe an chomórtais.

Chuir Cill Dara le Gaeilge duaischiste de €1,000 ar fáil don chomórtas seo. Is iad Barge Trip atá lonnaithe sna Solláin a bhain sa chéad áit agus bronnfar duais de €500 orthu. Tháinig Kbowl atá lonnaithe i Nás na Ríogh sa dara háit agus gheobhaidh siad €300 agus is iad Aroma Mocha atá lonnaithe i Nás na Ríogh a tháinig sa tríú háit agus bronnfar €200 orthu. Déanaimid comhghairdeas ó chroí leo as a mbua. Táimid ag súil go gcuirfidh tuilleadh gnóthaí isteach ar an gcomórtas an bhliain seo chugainn.

Seo an méid a bhí le rá ag buaiteoir an chomórtais - Ger Loughlin, Barge Trip: 

"Tá an-áthas orainn an chéad duais a bhuachan. Gabhann muid buíochas ar leith leis an ealaíontóir fuinneoige Laura Merren. Shocraíomar nuair a chuireamar isteach ar an gcomórtas dá mbuafaimis an comórtas go mbronnfaimis an duais airgid chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin. Mar sin, is iontach an rud é a bheith in ann an t-airgead a bhronnadh ar Chumann Croise Deirge na hÉireann".

Sheol Cill Dara le Gaeilge an scéim Gnó Chill Dara le Gaeilge le déanaí. Tacaíonn an scéim seo le gnólachtaí a gcuid gnó a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as an nGaeilge in eispéireas a gcustaiméirí. Tá an scéim ar fáil d'aon ghnó sa chontae, ach díreofar ar cheantar Nás na Ríogh/Na Sollán ar an gcéad dul síos.

Cuirfear comhairliúchán ar fáil do na gnólachtaí in aisce chomh maith le hiniúchadh ar bhealaí nua chun a ngnó a chur chun cinn. Cuirfear comhairle ar na gnóthaí maidir le feachtais mhargaíochta saincheaptha ag baint úsáid as ardáin ar líne agus na meáin shóisialta. Beidh Cill Dara le Gaeilge ar fáil le tacaíocht a thabhairt do ghnóthaí sa chontae ar mian leo aitheantas náisiúnta a bhaint amach le Gradam Gnó leis an eagraíocht náisiúnta Glór na nGael. Aithníonn an scéim náisiúnta seo gnólachtaí a úsáideann an Ghaeilge mar chuid den ghnó nó a chuireann seirbhís trí Ghaeilge ar fáil.

Aithnítear agus tá cáil ar Chontae Chill Dara mar an contae leis an méadú is mó ar líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír. Tá deich scoil lán-Ghaeilge chomh maith le naíonraí, grúpaí pobail, eagraíochtaí éagsúla agus coláistí samhraidh ag feidhmiú trí Ghaeilge sa chontae anois. De réir dhaonáireamh náisiúnta 2016, is féidir le 85,426 duine Gaeilge a labhairt i gContae Chill Dara!

Tá Cill Dara le Gaeilge maoinithe ag an Scéim Tacaíochta Gaeilge atá ag An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán.

More from Local News

Stay tuned to Kfm!

Get the Kfm Apps for you phone, tablet or smart speaker...

Kfm Kildare Weather

  • Wed

    Medium-level cloud

    17°C

  • Thu

    Medium-level cloud

    19°C

  • Fri

    Sunny intervals

    21°C

  • Sat

    Sunny intervals

    21°C